Leabhrán Téarmaí

Leabhrán Téarmaí.pdf
Leabhrán Téarmaí do scoláirí na Chéad Bhliana
Gaeilge - An tSraith Shóisearach
Leabhrán téarmaí do scoláirí na chéad bhliana i nGaelcholáistí, in iar-bhunscoileanna Gaeltachta nó in Aonaid lánGhaeilge. Tá an acmhainn seo dírithe ar scoláirí agus ar mhúinteoirí araon le cabhrú leo agus le tacaíocht a thabhairt dóibh leis na dúshláin seo thíos agus scoláirí agus múinteoirí ag tosú ag obair le chéile sa chéad bhliain.
Do na scoláirí:
- Sealbhú na n-eochairfhocal / na téarmaíochta nua trasna an churaclaim sna hábhair iar-bhunoideachais ar fad / léaráidí simplí chun focail dheacra a léiriú
- Cabhair maidir le cuid den téarmaíócht a bhaineann le suíomh na scoile nua a thuiscint agus a shealbhú
- Tuiscint a fháil ar úsáid téarmaí gramadaí agus tuiscint agus feasacht a fháil ar an bhfáth a n-athraíonn focail sa Ghaeilge ag brath ar an gcomhthéacs
- Simpliú ar mhúineadh agus ar shealbhú na gramadaí ón gcéad bhliain ar aghaidh
- Téarmaí teicneolaíochta agus acmhainní ar líne a bheith ar fáil in aon áit amháin
- Tuiscint a fháil ar úsáid na mbriathra gnímh
Do na múinteoirí:
- Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na téarmaíochta sna hábhair go léir
- Treoir phraiticiúil don mhúinteoir ábharbhunaithe i suíomh tumoideachais
- Acmhainn soléite agus inúsáidte don mhúinteoir céad bhliana
- Simpliú ar ghramadach na Gaeilge dóibh siúd nach bhfuil aon staidéar déanta acu uirthi
- Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na gramadaí i gcomhthéacs
- Cabhair agus tacaíocht maidir le haidhmeanna na scoile i leith litearthacht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa scoil agus spléachadh ar litearthacht sna teangacha go léir
- Tacaíocht do phróiseas feabhsúcháin na scoile mar chuid den fhéinmheastóireacht scoile ar bhonn scoile uile