Ailgéabar

Freagraí: Scrúduithe Mata na hArdteistiméireachta (AL)
Matamaitic - An tSraith Shinsearach
Is cuid de shraith cur i láthair an acmhainn seo, a chuimsíonn na ceisteanna uile ó 2010 go 2020 i Scrúduithe Mata Ardléibhéal na hArdteistiméireachta. Tá beochaintí agus éifeachtaí ríomhghinte ann le cabhrú leis na scoláirí samhlú a dhéanamh ar na coincheapa atá riachtanach le haghaidh gach ceiste. Tá ceisteanna iomlána ann, in éineacht le réitigh céim ar chéim agus le scéim iomlán marcála, agus tabharfaidh siad an tuiscint is fearr ar na hábhair agus ar leibhéal deacrachta na gceisteanna le hocht mbliana anuas. Is innéacs é an chéad shleamhnán agus is féidir leis an úsáideoir ceist áirithe a roghnú de réir bliana. Is féidir na beochaintí a stiúradh ag baint úsáid as an tsaighead dheas agus as an tsaighead chlé ar do ríomhchlár nó as an gcnaipe ar chlé ar an lúchóg. Tá cnaipe baile ar gach sleamhnán agus is féidir é sin a úsáid le pilleadh ar an bpríomhinnéacs.
Tá an nasc chuig an tsraith iomlan thíos.