In Ord agus in Eagar
Treoir don mhúinteoir le leabhair Ghaeilge a roghnú
Gaeilge – Rang 3 agus 4
Is doirse iad leabhair a osclaíonn ar dhomhain eile, ar shaolta eile agus ar ghlórtha eile agus, mar aon leis sin uile, cuireann siad le réimse leathan foclóra agus le taithí shaibhir na teanga.
Bíodh leabhair sna seomraí ranga againn mar chuid lárnach de thuras fhorbairt na Gaeilge. Le tacú le cur chun cinn éifeachtach na léitheoireachta, tá leabhair, úrscéalta, greannáin agus leabhair neamhfhicsin, leagtha amach in In Ord agus in Eagar ar liosta de réir deacrachta.
Tá an tionscadal dírithe go príomha ar mhúinteoirí bunscoile sna meán/ardranganna i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna, agus treoir ann ar an dóigh le leabhair chuí a roghnú do rang/grúpa/léitheoir ar leith agus do chomhthéacs ar leith. Beidh sé úsáideach chomh maith do mhúinteoirí i scoileanna meán-Bhéarla, múinteoirí iar-bhunscoile, tuismitheoirí/caomhnóirí agus foilsitheoirí atá ar lorg leabhair oiriúnacha agus eolas ar na leabhair a thaitníonn le daltaí agus na tréithe a dhéanann leabhar sultmhar, dúshlánach nó inléite.
Ar fáil thíos.

