Eipic!
Irisleabhar
Gaeilge - Rang 5 agus 6
Tá EIPIC, an t-aon iris nuachta Gaeilge in Éirinn do léitheoirí óga, ag filleadh saor in aisce don bhliain 2026/27 i gcomhpháirt le COGG. Foilseofar Eipic uair sa téarma ag díriú ar nuacht, ETMI, Stair, na hEalaíona, Spórt agus Folláine do Ghaelscoileanna ar fud na tíre – go léir as Gaeilge. Níl le déanamh agat ach an nasc a úsáid chun clárú do do chóipeanna saor in aisce.

