An Tumoideachas - Na Buntáistí


An Tumoideachas - Na Buntáistí - Tacaíocht ón Taighde.pdf

Scagadh agus iniúchadh ar an taighde ar an tumoideachas

Gaeilge – Áiseanna Scoile Uile

Níl aon insint ar an méid taighde a rinneadh ar ghnéithe éagsúla den tumoideachas in Éirinn le breis is fiche bliain, céatadán suntasach de a bhí maoinithe ag COGG. Foilsítear an taighde go léir a mhaoiníonn COGG ar shuíomh na heagraíochta. É sin ráite, bheadh sé deacair teacht ar thátail agus ar phríomhtheachtaireachtaí an chorpais taighde sin go léir go héasca.

Ag deireadh na bliana 2023 lorgaíodh léirithe spéise ó institiúidí oideachais agus ó thaighdeoirí chun scagadh agus iniúchadh a dhéanamh ar an taighde go léir atá déanta ar an tumoideachas i gcomhthéacs na hÉireann. Ba ar an Dr Claire Dunne a bronnadh an conradh don obair seo thar ceann Institiúid Oideachais Marino. Tá an taighde iomlán ar fáil ar shuíomh COGG: An Tumoideachas ag an mBunleibhéal in Éirinn: Léargais ón Taighde Náisiúnta, don té ar mian leis/ léi iniúchadh iomlán a dhéanamh ar an taighde ar fad.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an anailís seo mar tá go leor fianaise ann go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an tumoideachas. Tá sé ríthábhachtach na buntáistí sin atá taighdebhunaithe a roinnt ar bhealach inrochtana leis na scoileanna agus leis an earnáil oideachais go ginearálta, ionas go bhféadfaí an t-eolas a chur ar thuismitheoirí agus iad ag déanamh cinntí faoi oideachas a bpáistí. Is chuige sin a forbraíodh an acmhainn seo.

Ar fáil thíos.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

Leagan PDF

Leabhrán ar Líne

Leabhrán ar Líne cliceáil anseo.