Mol Mata - Naíonáin

Láimhseoga, Cluichí agus Gníomhaíochtaí
Is comhthionscadal é Mol Mata idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice.
Leis an chuspóir seo a bhaint amach, tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad seo go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.
Tá an suíomh seo ina cheithre chuid:
Láimhseoga ar líne
Cluichí / Gníomhaíochtaí Ceannoscailte
Banc Gníomhaíochtaí Tairseach Íseal Buaicphointe Ard
Tacaíocht do mhúinteoirí
Cliceáil ar an nasc thíos chun féachaint air.