Bosa in Airde agus Táim ag Machnamh
Sraith Físeán
Eolaíocht – Rang 5 agus 6
Tá an tsraith físeán Bosa in Airde: Cúig Fhíric Iontacha dírithe ar dhaltaí Ranganna 4–6 agus cuireann sí cúig fhíric shuimiúla i láthair i ngach físeán faoi ábhair eolaíochta agus faoin domhan mórthimpeall orainn. Dearadh na físeáin chun fiosracht, plé agus foghlaim thraschuraclaim a spreagadh trí mheán na Gaeilge ar bhealach spraíúil agus inrochtana.
Ar fáil anseo.
Sa tsraith Táim ag Machnamh, cuirtear leaganacha gearra de na físeáin Bosa in Airde: Cúig Fhíric Iontacha ar fáil. Díríonn gach físeán ar fhíric amháin agus cuirtear ceist spreagúil ag an tús chun daltaí a chur ag smaoineamh agus ag plé. Is acmhainn ghearr, spraíúil í chun fiosracht agus úsáid na Gaeilge a chothú sa seomra ranga.
Ar fáil anseo.

