Bain Súp As! - Rang 5 agus 6
Treoir maidir le múineadh na gramadaí
Gaeilge - Rang 5 agus 6
Is é aidhm na hacmhainne seo ná aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúir na Gaeilge mar chur chuige leis an bhfeasacht agus leis an gcruinneas teanga a chur chun cinn. Thíos, tá sraith ceachtanna, gníomhaíochtaí agus cluichí a fhorbróidh feasacht na bhfoghlaimeoirí ar spriocstruchtúir ar leith. Is cur chuige fócasaithe ar fhoirm na teanga atá i gceist le gach ceacht. Téann an achmainn seo i ngleic le laigí cruinnis ar bhealach atá pléisiúrtha, spraíúil agus ina bhfuil an foghlaimeoir lárnach gníomhach.
Tá moltaí don mhúinteoir ag dul le gach ceacht. Le leas agus tairbhe iomlán a bhaint as an acmhainn seo, tá sé tábhachtach go mbeidh tuiscint mhaith ag an múinteoir ar na bunphrionsabail a bhaineann leis an gcur chuige fócasaithe ar fhoirm na teanga a chur i bhfeidhm.
Is féidir an tsraith iomlán a íoslódáil anseo.